Cuairt Aintín Máire • Auntie Máire's Visit
Éist leis an scéal, léigh an scéal agus freagair na ceisteanna thíos. Listen to the story, read the story and answer the questions below.
Cuairt Aintín Máire • Auntie Máire's Visit
Foclóir • Vocabulary:
- cuairt - visit
- ó Shasana - from England
- don deireadh seachtaine - for the weekend
- aerfort - airport
- barróg agus póga - hug and kisses
- bronntanas - present
- eitilt - flight
- thit mé i mo chodladh - I fell in my sleep / I feel asleep
- ag obair go dian - working hard
- an t-óstán - the hotel
- gnóthach - busy
- bábóg - doll
- dearbhán - voucher
- Ní raibh aon ghá leis sin - there was no need for that
Tháinig Aintín Máire ar cuairt ó Shasana don deireadh seachtaine. Bhí sceitimíní uirthi. Shroich sí Éire oíche Dé hAoine. Bhailigh Mamaí agus Síofra ón aerfort í. Thug Máire barróg agus póga dóibh.
"Conas a bhí an eitilt?" arsa Mamaí.
"Bhí sé go breá, léigh mé leabhar agus thit mé i mo chodladh!" arsa Máire.
Chuaigh siad go dtí an teach. Bhuail Máire le Daidí agus Dónal.
"Conas atá cúrsaí i Sasana?" arsa Daidí.
"Tá gach rud go breá, go raibh maith agat. Bhí mé ag obair go dian an tseachtain seo caite. Bhí an t-óstán an-ghnóthach. Thosaigh mé ag obair ar a naoi a chlog maidin Dé hAoine agus d'fhág mé an t-óstán ar a naoi a chlog san oíche!" arsa Máire.
"Ó a Dhia," arsa Daidí, "an bhfuil tuirse ort?"
"Níl! Tá áthas orm mar táim ar mo laethanta saoire anois," arsa Máire.
Bhí a lán bronntanas ag Máire do gach duine. Thug sí traein do Dhónail, thug sí bábóg do Shíofra agus cheannaigh sí dearbhán do Mhamaí agus Daidí.
"Go raibh míle maith agat a Mháire," arsa Dónal agus Síofra.
"Ní raibh aon ghá leis sin," arsa Mamaí.
Bhí tuirse ar Mháire mar sin d'fhéach siad ar scannán le chéile.