Cá bhfuil Max? • Where is Max?
Éist leis an scéal, léigh an scéal agus freagair na ceisteanna thíos. Listen to the story, read the story and answer the questions below.
Cá bhfuil Max? • Where is Max?
Foclóir • Vocabulary:
- nuair - when (in a statement, like nuair a bhí mé óg = when I was young)
- ag tafann - barking
- timpeall - around
- coiléar - collar
- uimhir ghutháin - phone number
- caillte - lost
- ar bharr - on top
- timpeall an cheantair - around the neighbourhood
- áitiúil - local
- glaoch / glaoch gutháin - call / phonecall
- ar iarraidh - missing
- ar nós na gaoithe - like the wind / very fast
- buíoch - grateful [old Munster spelling was 'baoch']
- gach duine - every one
Lá amháin, bhí Aoife ag siúl ina gairdín nuair a chonaic sí madra beag. Bhí sé ag tafann agus ag rith timpeall. Bhí coiléar dearg ar an madra. Bhí ainm air ach ní raibh aon uimhir ghutháin air. Léigh Aoife an t-ainm, "Max is ainm duit," arsa Aoife.
Rinne / Dhein (M) Aoife póstaeir faoin madra caillte. Scríobh sí "Madra Caillte" ar bharr agus chuir sí pictiúr de Max orthu. Chuir sí na póstaeir suas timpeall an cheantair: sa pháirc, sa siopa áitiúil, agus sa stáisiún bus.
Tar éis cúpla uair an chloig, fuair Aoife glaoch.
"Dia dhuit, is mise Máire. An bhfuil mo mhadra Max agat? Chonaic mé an póstaer sa siopa," arsa an bhean.
Dúirt Máire go raibh Max ar iarraidh ar feadh dhá lá agus bhí imní uirthi.
Bhuail Aoife le Máire sa pháirc áitiúil. Nuair a chonaic Max Máire, rith sé ar nós na gaoithe mar bhí sceitimíní áthais air agus bhí sé ag tafann.
"Go raibh míle maith agat, tá mé an-bhuíoch díot," arsa Máire.
Thug sí barra seacláide do Aoife. Bhí áthas ar gach duine.