Smugairle Róin • Jellyfish

Éist leis an scéal, léigh an scéal agus freagair na ceisteanna thíos. Listen to the story, read the story and answer the questions below.

An Smugairle Róin • The Jellyfish 

Foclóir • Vocabulary:

  • suimiúil - interesting
  • blasta / an-bhlasta - tasty / very tasty
  • an trá - the beach
  • bhí gliondar croí orm - I was absolutely delighted
  • go tobann - suddenly
  • pian - pain
  • cos - leg / foot
  • Scread mé le heagla - I screamed with fear
  • cnag - knock
  • doras - door
  • go mall - slowly
  • déan + dearmad + ar - to forget [to make a forget on] - The older spelling in Munster Irish is 'dearúd'

Aoife is ainm dom. Táim i mo chónaí i gCorcaigh. Bhí deireadh seachtaine suimiúil agam!

D’ith mé dinnéar i mbialann tráthnóna Dé hAoine agus bhí sé an-bhlasta. D'ith mé trí chúrsa and d'ól mé fíon dearg. Bhí sailéad sicín agam, ansin bhí iasc, glasraí agus prátaí agam agus bhí uachtar reoite agam.

Dhúisigh mé agus d’éirigh mé go luath maidin Dé Sathairn. D'ith mé bricfeasta beag agus d'ól mé cupán tae. Bhí sé an-ghrianmhar. Chuaigh mé ar an mbus go dtí an trá. Rith mé isteach san fharraige. Bhí an t-uisce fuar ach bhí gliondar croí orm. Ach... go tobann, bhí pian i mo chos! D’fhéach mé agus chonaic mé smugairle róin san uisce! Scread mé le heagla! Chuaigh mé abhaile ar an mbus agus shuigh mé síos. D’fhéach mé ar scannán agus thit mé i mo chodladh.

Dhúisigh mé go déanach maidin Dé Domhnaigh. Bhí pian i mo chos agam agus luigh mé síos sa seomra suí. Thosaigh mé ag féachaint ar TG4. Bhí cnag ar an doras. Shiúil mé go mall go dtí an doras. Bhí mo chara Ciara ag an doras. Cheannaigh sí bia in McDonalds. D'itheamar é le chéile agus rinne / dhein (M) mé dearmad ar an smugairle róin!

Complete and Continue