Cúlchaint • Gossip

  • Cuid A: Fill in the blanks
  • Cuid B: Listen to the conversation
  • Cuid C: Read the conversation out loud and translate it into English
  • Cuid D: Read the English translation to see if you're correct

Cuid A

Fill in the blanks

Cuid C

Read the conversation and translate into English. Scroll down to check if you're correct.

Áine: Dia dhuit a Shinéad, conas atá tú? Aon scéal?

Sinéad: Dia is Muire dhuit a Áine, táim go breá, go raibh maith agat. Tá scéal mór agam! Chuala mé scannal (a scandal) ar maidin!

Áine: Cad é? (what is it?)

S: Ar chuala tú an scéal mór faoi Mháire?

A: Níor chuala, cad a tharla? (what happened?)

S: Bhí Máire sa teach tabhairne aréir ach bhí fear nua léi, fear dathúil (handsome), de réir dealraimh (apparently)!

A: An bhfaca tú í?

S: Ní fhaca ach d'inis Colm an scéal dom.

A: An bhfaca Colm í?

S: Ní fhaca ach an oiread (either) ach chuala sé an scéal ó Aoife.

A: An raibh Aoife sa teach tabhairne?

S: Bhí sí agus chonaic sí Máire leis an bhfear nua.

A: An raibh siad ag rince?

S: Ní raibh ach bhí siad ag caint lena chéile go ciúin (quietly) sa chúinne (in the corner).

A: An raibh tú ag caint le Máire ar maidin?

S: Ní raibh fós ach chonaic Aoife Máire agus an fear nua ag siúl abhaile (walking home) le chéile!

A: A leithéid de raiméis! (what a load of nonsense!)

S: Gabh mo leithscéal? (excuse me)

Cuid D: Aistriúchán / Translation

Áine: Dia dhuit a Shinéad, conas atá tú? Aon scéal? - Hi Sinéad, how are you? Any news?

Sinéad: Dia is Muire dhuit a Áine, táim go breá, go raibh maith agat. Tá scéal mór agam! Chuala mé scannal ar maidin! - Hi Áine, I'm fine, thank you. I have a big story! I heard a scandal this morning!

Áine: Cad é? - What is it?

S: Ar chuala tú an scéal mór faoi Mháire? - Did you hear the big story about Máire?

A: Níor chuala, cad a tharla? - I didn't hear, what happened?

S: Bhí Máire sa teach tabhairne aréir ach bhí fear nua léi, fear dathúil, de réir dealraimh! - Máire was in the pub last night but there was a new man with her, a handsome man, apparently!

A: An bhfaca tú í? - Did you see her?

S: Ní fhaca ach d'inis Colm an scéal dom. - I didn't see her but Colm told me the story.

A: An bhfaca Colm í? - Did Colm see her?

S: Ní fhaca ach an oiread ach chuala sé an scéal ó Aoife. - He didn't see her either but he heard the story from Aoife.

A: An raibh Aoife sa teach tabhairne? - Was Aoife in the pub?

S: Bhí sí agus chonaic sí Máire leis an bhfear nua. - She was and she saw Máire with the new man.

A: An raibh siad ag rince? - Were they dancing?

S: Ní raibh ach bhí siad ag caint lena chéile go ciúin sa chúinne. - No but they were talking to each other quietly in the corner.

A: An raibh tú ag caint le Máire ar maidin? - Were you talking to Máire this morning?

S: Ní raibh fós ach chonaic Aoife Máire agus an fear nua ag siúl abhaile le chéile! - Not yet but Aoife saw Máire and the new man walking home together!

A: A leithéid de raiméis! - What a load of nonsense!

S: Gabh mo leithscéal? - Excuse me?

Complete and Continue