Cuairt Aintín Máire • Auntie Máire's Visit

Éist leis an scéal, léigh an scéal agus freagair na ceisteanna thíos. Listen to the story, read the story and answer the questions below.

Cuairt Aintín Máire • Auntie Máire's Visit

Foclóir • Vocabulary:

  • cuairt - visit
  • ó Shasana - from England
  • don deireadh seachtaine - for the weekend
  • aerfort - airport
  • barróg agus póga - hug and kisses
  • bronntanas - present
  • eitilt - flight
  • thit mé i mo chodladh - I fell in my sleep / I feel asleep
  • ag obair go dian - working hard
  • an t-óstán - the hotel
  • gnóthach - busy
  • bábóg - doll
  • dearbhán - voucher
  • Ní raibh aon ghá leis sin - there was no need for that

Tháinig Aintín Máire ar cuairt ó Shasana don deireadh seachtaine. Bhí sceitimíní uirthi. Shroich sí Éire oíche Dé hAoine. Bhailigh Mamaí agus Síofra ón aerfort í. Thug Máire barróg agus póga dóibh.

"Conas a bhí an eitilt?" arsa Mamaí.

"Bhí sé go breá, léigh mé leabhar agus thit mé i mo chodladh!" arsa Máire.

Chuaigh siad go dtí an teach. Bhuail Máire le Daidí agus Dónal.


"Conas atá cúrsaí i Sasana?" arsa Daidí.

"Tá gach rud go breá, go raibh maith agat. Bhí mé ag obair go dian an tseachtain seo caite. Bhí an t-óstán an-ghnóthach. Thosaigh mé ag obair ar a naoi a chlog maidin Dé hAoine agus d'fhág mé an t-óstán ar a naoi a chlog san oíche!" arsa Máire.

"Ó a Dhia," arsa Daidí, "an bhfuil tuirse ort?"

"Níl! Tá áthas orm mar táim ar mo laethanta saoire anois," arsa Máire.



Bhí a lán bronntanas ag Máire do gach duine. Thug sí traein do Dhónail, thug sí bábóg do Shíofra agus cheannaigh sí dearbhán do Mhamaí agus Daidí.

"Go raibh míle maith agat a Mháire," arsa Dónal agus Síofra.

"Ní raibh aon ghá leis sin," arsa Mamaí.

Bhí tuirse ar Mháire mar sin d'fhéach siad ar scannán le chéile.

Complete and Continue